Clólann Bheann Mhadagáin Ben Madigan Press
Educational discount is available for schools and colleges - email for information.
Title: Trialacha Tuigbheála - Comprehension Tests
Author: AJ Hughes MA, MésL, PhD
Publisher: Clólann Bheann Mhadagáin, 2008 (2nd edition)
Level: Intermediate and advanced learners
Hardback: 200 pages (A5) + sound files  
ISBN: 978-0-9542834-3-8  
Published Price:
£23.00 (includes p & p N Ireland & GB)
£29.00 (includes p & p Ireland & Europe)
£33.00 (includes p & p worldwide)
Shipping Destination
  NB Shipping Destination: You must select the correct shipping destination. A wrong selection will lead to a refund minus the transaction fee charged by PayPal. Please choose carefully.


Book Details   Sound Files   Sample Text   English Summaries   Answers to Exercise 4

Answers to Exercise 4


Triail 1

a)   Rugadh agus tógadh i mBéal Feirste mé.
b)   Ní cuimhin liom cá huair a tháinig sé anseo den chéad uair.
c)   Is breá liom bolg le gréin a dhéanamh ar an trá.
b)   Mol an óige agus tiocfaidh sí.
e)  Cé go bhfuil mo dheartháir i Londain le fiche bliain anuas coinnímid i dteagmháil lena chéile go
       measartha rialta.
f)   Chuaigh Pól chuig an ollscoil agus bhain sé céim amach.
g)   Tá triúr páiste ag an lánúin sin.
h)   Nuair a bheas páistí ag Pól tógfaidh sé le Gaeilge iad.

Triail 2

a)    Bhain muid sult mór as na laethanta saoire in ainneoin na drochaimsire.
b)    Ó tharla gur theip air sa chéad scrúdú tiomána níor mhothaigh sé iontach muiníneach ag dul isteach don dara
       ceann, nó bhí a mhisneach caillte aige.
c)    Is leor nod don eolach.
d)    Níor mhian liomsa Éire a fhágáil agus bheith i mo chónaí thar lear , mar gurbh fhearr liom fanacht anseo san áit
       ar tógadh mé.
e)    Ba mhaith liom post a bhfuil tuarastal maith ag dul leis a fháil.
f)     Is duine cróga (é) Pól, ní bhíonn eagla air roimh rud ar bith.
g)    Thosaigh na Críostaíochta in Éirinn sa chúigiú céad.
h)    Ní luath ná mall a bhí mé, bhí mé díreach in am.

Triail 3

1    D’éirigh liom deireadh a chur leis an aiste sin aréir.
2    Chuir mé scairt ar oifig an stiúrthóra ach ní raibh sé istigh ach ghlac an rúnaí teachtaireacht uaim.
3    Níl suim ná spéis aici i gcúrsaí spóirt.
4    Is é an samhradh an séasúr den bhliain is fearr liom.
5    I dtús báire ba mhian liom buíochas a ghabháil libh astheacht anseo anocht.
6    Nollaig shona agus bliain úr faoi mhaise duit. Gurb amhlaidh duitse.
7    Ní fhóireann teas ná fuacht don chailligh (= don chailleach).
8    Bhí a croí ag briseadh le cumha ag imeacht as an bhaile di.

Triail 4

1   Bhain scoláirí an choláiste sin an comórtas díospóireachta anuraidh.
2    Ní oibreoidh an seanchlog sin go brách arís mar tá sé ó chóiriu.
3    Ní thagann aithne go haon tíos.
4    Bhí Úna lárnach in imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh, mar ba ise an cathaoirleach.
5    Thug mise seic don tiarna talaimh agus thug seisean admháil domhsa.
6    Rinne muid socrú bualadh le chéile taobh amuigh de Halla na Cathrach ar a dó.
7    Dúirt sé an rud ceannann céanna liomsa.
8    Is binn béal ina thost.

Triail 5

1   Tá aithne shúl agam air ach ní cuimhin liom a ainm.
2   Níl ach freagra amháin eile de dhíth orm agus beidh an crosfhocal críochnaithe agam.
3   Níl mé róthugtha don bhialann sin, b’fhearr liom triail a bhaint as ceann inteacht eile.
4   Tabhair domh do pheann ar iasacht bomaite beag, le do thoil, mar níl mo cheann féin ag scríobh
      mar is ceart.
5   Caithfear na foirmeacha seo a líonadh isteach agus a chur sa phost láithreach.
6   Dúirt sí go dtiocfadh sí agus ansin d’athraigh sí a hintinn.
7   Tá eagla orm go bhfuil éirí in airde sa duine sin.
8   Tá siad ina gcónaí cúpla míle taobh amuigh den bhaile mhór.

Triail 6

1   Thóg sé an tuáille agus thriomaigh é féin.
2   Chaith mé tamall fada ag gabháil do m’obair bhaile aréir.
3   An raibh duine ar bith eile i do chuideachta aréir nó an ndeachaigh tú leat féin?
4   Is aoibhinn agus is breá liomsa teas an tsamhraidh.
5   Bíonn ar an ghrúpa sin cleachtadh a bheith acu roimh gach coirm cheoil.
6   Bíonn mála codlata de dhíth ort agus tú ag campáil.
7   I s breá liomsa nuair a bíos an teaghlach cruinn le chéile ag an Nollaig.
8   Nollaig shona agus bliain úr faoi mhaise duit.

Triail 7

a)   Caithfidh mé a admháil go raibh an scannán sin i bhfad níb fhearr ná mar a shíl mé a bheadh.
b)   Ní thiocfadh linn an dlúthdhiosca a chluinstin mar bhí an fhuaim ró-íseal
c)   Is mise, le meas, Breandán Ó hUiginn.
d)   Níl a oiread turasóirí ná cuairteoirí thart i mbliana as siocair na drochaimsire.
e)   Más mian leat labhairt leis an stiúrthóir déan coinne leis an rúnaí i dtús báire.
f)   Beidh an lánúin sin uaigneach go leor nuair a imeos (= imeoidh) a gclann uathu arís i ndiaidh na Nollag.
g)   An bhfuil tú cinnte go bhfuair tú go leor le hithe? Fuair, mo sháith is barraíocht.
h)  Thig liom cur suas leis an teas ach níl mé ábalta an fuacht a fhuilstin ar chor ar bith.

Triail 8

1   Bhí an phian do mo mharú ach nuair a shlog mé siar an piolla thug sin faoiseamh domh.
2   Shíl mé go raibh mo pheann caillte agam ach chuardaigh mé i ngach póca de mo chasóg go bhfuair mé é.
3   Ar mhaith leat dhul chuig an phictiúrlann anocht? Níor mhaith, go raibh maith agat. Tá an scannán sin feicthe
      agam cheana féin.
4   Caithfidh mé a rá gur bhain mé sult agus sásamh as an rang sin.
5   Bhí piachán ionam agus mhol mo mháthair domh crúiscín meala a cheannach(t) agus cúpla spúnóg di a    
      ghlacadh i rith an lae. Rud      a rinne mé.
6   Is aoibhinn (/ maith) liom bheith cois farraige lá breá gréine.
7   D’iarr mé orthu cuidiú liom an troscán a iompar isteach sa teach.
8   Tá an mháthair sin iontach doirte dá clann.

Triail 9

a)     Is beag léitheoir a bheadh ar aon intinn le húdar an ailt sin.
b)     Chaith sé tamall fada ag amharc ar an teilifís aréir.
c)     Ná bí ródhian ar na daoine óga, tabhair seans dóibh.
d)     Beidh bunús na ndaoine sásta leis an chinneadh sin.
e)     Ba mhaith leis an chathaoirleach na barúlacha seo a chur os comhair an choiste.
f)      Ní dóigh liom go dtiocfaidh siad ar ais anseo choíche.
g)     Bígí ciúin, a pháistí, le bhur dtoil, agus éistigí go cúramach leis an scéalaí.
h)     Táimid fíorbhíoch díbh as an chuidiú agus as an tacaíocht a thug sibh dúinn.
i)      Scríobh an freastalaí síos an t-ordú agus thug isteach chuig an chistin é.
j)      Ní bhíonn sí comh cainteach sin de ghnách mar is duine faiteach í.
k)     Buaileadh an fhoireann sin go dona sa chluiche dheireanach a d’imir siad.
l)      Tógadh an teach seo deich mbliana ó shin.
m)     go bhfuil Gaeilge aige ní minic a bhíonn seans aige í a labhairt.

Triail 10

1     Ní maith liom nuair nach nglacaim cithfholcadh i ndiaidh mé a bheith ar an trá mar go mbíonn gráinníní beaga
      de ghaineamh idir       mo ladhracha.
2     Fuair mé litir ó Sheán sa deireadh thiar thall!
3     Ní bheidh ár leithéid arís ann.
4     Chuala mé ceoltóir deas ar an raidió inné agus chuaigh mé síos go lár na cathrach an chéad rud ar maidin
       gur cheannaigh mé  dlúthdhiosca dá cuid.
5     Tá boladh cumhra as na bláthanna sin.
6     Ní raibh a fhios ag Seán an mbeadh sé saor ón obair an tseachtain sin, caithfidh sé na dátaí a chinntiú ina
       dhialann.
7     Meastar gurb é An Druma Mór an t-úrscéal is conspóidí a scríobh Seosamh Mac Grianna.
8     Nuair a bhí muid sa Spáinn bhíodh cóisir againn ar an trá achan uile oíche.

Triail 11

1    Ná lig a oiread agus focal thar do bhéal fán rud a dúirt mé leat.
2    Tiocfaidh na torthaí amach i gceann seachtaine.
3    An as a stuaim féin a rinne sé é nó an é rud a mhol duine inteacht eile dó é a dhéanamh?
4    Ba cheart go mbeadh na daoine eile anseo am ar bith feasta.
5    Ní itheann sé ach bia folláin ag am lóin, glasraí, torthaí agus rudaí mar sin.
6    Cuireadh moill orm sa trácht agus bhí mé mall ag an chruinniú.
7    Ní bheidh tú ábalta todóg a chaitheamh sa bhialann seo ar an ábhar go bhfuil cosc ar thobac.
8    D’aithin an príomhoide go raibh eagla ar an dalta mar bhí crith ar a ghlór nuair a labhair sé.

Triail 12

1)    Más mian leat luí síos gabh suas chuig do sheomra leapa ach ná bí i do luí ar an tolg.
2)    An rud is annamh is iontach.
3)    Tá sibh go maith chun tosaigh leis an phéinteáil.
4)    Is teann gach madadh ar a thairseach féin.
5)    Gabhaigí mo leithscéal, tá mé b as bheith mall.
6)    Chuir sé deich bpunt ar chapall ach chaill sé an _________________.
7)    Ar mhaith leat clárú do chúrsa _________________ ?
8)    Gabh mo leithscéal ach ní thig liom an scáileán a fheiceáil, tá do cheann sa _________________ agam. Ar
        mhiste leat do stól a bhogadh i leataobh, le do thoil?

Triail 13

1    Go raibh míle maith agaibh. Seo an bronntanas is fearr a tugadh riamh domh.
2    Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.
3    Tar anuas den bhalla sin! Níl cead ag duine ar bith dhul suas air.
4    Ar labhair an príomhoide leat go fóill maidir leis na torthaí?
5    Ní choinníonn an soitheach ach a lán.
6    Is ócáid an-speisialta í seo dúinn agus coinneoimid cuimhne ar an chuairt seo go deo.
7    Bhí Pádraig gléasta go hinnealta aréir: bhí léine lín, carbhat síoda culaith nua agus péire úr bróg air.
8    Beidh deireadh linn mura mbí muid ar ais in am don dinnéar.

Triail 14

1    Thug sé comhairle mo leasa domh.
2    Éiríonn an mháthair sin an-imníoch má fhanann a páistí amuigh mall san oíche.
3    Cé gur dheas an rud é an dara carr a bheith againn níl a fhios agam an bhfuil fíorghá leis?
4    Má reáchtálann sibh oíche cheoil don naíscoil róchóngarach don Nollaig tá baol ann nach dtiocfaidh mórán de
      shlua.
5     Toghadh mise mar bhall den choiste dhá bhliain ó shin ach, leis an phost nua seo atá agam, tá eagla orm go
       gcaithfidh mé éirí as.
6     Ní gheallfaidh mé rud ar bith daoibh, ar eagla na heagla, ach déanfaidh mé mo sheacht ndícheall bheith anseo
       in am.
7     Tá an fear sin iontach daingean ina bharúil agus ní éireoidh le duine ar bith a intinn a athrú in éadan a thola.
8     Níor loisc seanchat é féin riamh.

Triail 15

1    Is fearr lán doirn de cheird ná lán mála d’ór.
2    Tar anuas an staighre agus fan thíos sa halla go dtaga an tacsaí.
3    Is breá liom na suíomhacha campála atá thall sa Fhrainc.
4    Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1808.
5    Bhí mé ag iarraidh mo charr a dhíol agus chuir mé fógra ar an nuachtán.
6    Ná líon an mála go barr nó ní bheidh mé ábalta a iompar.
7    Éirím iontach neirbhíseach nuair a iarrann daoine orm amhrán a rá.
8    Bí cúramach leis na huibheacha sin.

Triail 16

1    An imríonn tú leadóg? Imrím, go measartha rialta.
2    Ar ith tú do sháith? D’ith, mo sháith is barraíocht.
3    Níl a fhios agam cad é a ba chóir domh a dhéanamh, tá mé idir dhá chomairle.
4    An bhfuil duine ar bith eile leat, a Phádraig, nó ar tháinig tú i d’aonar?
5    Caithfimid tuilleadh ola a ordú don teas lárnach mar tá an tanc measartha íseal.
6    Seo an stoirm is measa dár thainig le cuimhne na ndaoine.
7    Ar tháinig post ar bith inniu? Tháinig, cúpla litir agus pacáiste amháin.
8    Ní thiocfadh sí ar cuairt arís go cionn míosa.

Triail 17

1    Is maith an scáthán súil carad.
2    Is ar éigean a chreid sé mé.
3    Rinne mé dearmad cárta a chur chuig mo mháthair mhór agus inniu a breithlá, beidh orm scairt a chur anocht
      uirthi.
4    Coinnítear cáis, bainne agus iógart i gcuisneoir le iad a choinneáil úr.
5    Go raibh míle maith agat as ucht do chineáltais.
6    Tús maith leath na hoibre.
7    Rí an reatha, rí an tsnámha agus rí an eolais .i. an carrfhia.
8    Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.

Triail 18

1    Tig (= Tagann) ciall le haois.
2    Fan amach ó dhroch-chuideachta.
3    Is furasta fearg a chur ar dhuine nuair a bhíonn sé faoi bhrú.
4    Ba í an Ghaeilge an t-ábhar ab fhearr liom ar scoil.
5    Ní thig leis an duine sin fanacht socair. Bíonn i gcónaí fuadar mór faoi.
6    Cé go bhfuil siad an-chosúil lena chéile, níl siad díreach mar an gcéanna.
7    Ní buan gach ní a chaitear.
8    Cá háit ar chaith an lánúin sin na meala?

Triail 19

1    Ghlac na gardaí ráiteas ón fhinné a chonaic an timpiste.
2    B’éigean don údar sin cuid mhór taighde a dhéanamh leis an leabhar sin a scríobh.
3    Níor shíl mé a mhór den tseribhís sa bhialann sin.
4    Tá feachtas ar siúl ag Síocháin Ghlas leis na míolta mara a shábháil.
5    An bhfuil Máirtín cáilithe mar fhiaclóir go fóill? Níl, tá bliain eile traenála le déanamh aige.
6    Caithfidh mé a iarraidh ar mo chuntasóir cuidiú a thabhairt domh m’fhoirm cánach a líonadh isteach.
7    Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
8    Tá teachtaireacht phráinneach agam don dochtúir.

Triail 20

1    Más mian leat dhul ar bord eitleáin ní mór duit do phas bordála a bheith leat.
2    Is í an rúnaí a d’fhreagair an guthán nuair a scairt mé ar an oifig.
3    Más gaolmhar ní cosúil.
4    Is é do bheatha, a chara. Tar isteach chun tí.
5    Molaim go mor sibh, a pháistí,’ arsa an múinteoir, ‘tá an obair seo ar fheabhas.’
6    Tá mé ag súil go mór leis na laethanta saoire.
7    Bhí an ghaoth ag séideadh comh láidir sin gur bhain sí an duilliúr den ` chrann.
8    Fágfaidh mé an eochair faoin mhata duit mar is dóiche go mbeidh sé mall ag teacht ar ais anocht duit.

Triail 21

1    Is dóiche gurb é an Louvre an dánlann is cáiliúla atá i bPáras.
2    Bíonn cuid mhór aeróstach ag obair ag Aer Lingus.
3    Mothaím go bhfuil feabhas ag teacht ar mo chuid Gaeilge,’ arsa an foghlaimeoir.
4    Faigheann foighid fortacht.
5    Cuairt ghearr agus a déanamh go hannamh.
6    Is gnách go gcoinnítear an lasta i mbroinn na loinge.
7    Cuir an clár ar ais ar an bhocsa stáin nó éireoidh an tae tais.
8    Bíonn cuid mhór carthanachtaí ag cruinniú airgid ar son an Tríú Domhan.

Triail 22

1    Chuir sé a ainm chun tosaigh don toghchán.
2    Tugadh tuairisceoir de chuid an nuachtáin sin os comhair na cúirte as alt leabhlach a scríobh sé.
3    An raibh tú thiar i gConamara ar do laethanta saoire?
4    An dtabharfá lámh chuidithe domh le do thoil?
5    Ní thiocfadh liom néal codlata a fháil aréir mar go raibh stoirm fhiánta ann agus an ghaoth ag séideadh       go láidir.
6    Cumadh an t-amhrán Edelweiss san Ostair.
7    Tá siad ina gcónaí sa Spáinn le daichead bliain anuas agus ní mó ná go dtiocfaidh siad ar ais go hEirinn        arís go brách.
8    Is fearr cara sa chúirt ná bonn sa sparán.